An Bradán Feasa
The Salmon of
Knowledge
De réir mhiotaiseolaíocht
na hÉireann, ba é an Coll an chéad ní a tháinig ann dó. Ba ina
chraobhacha a cuislíodh fios iomlán na Cruinne. Faoi scáth an
chrainn seo, deilbhíodh tobar mór, agus istigh sa tobar sin bhí
Bradán ina chodladh. Ó am go chéile thití dearcáin anuas ón gColl
agus dhúisíodh an Bradán agus d’itheadh sé iad, dearcán i ndiaidh
dearcáin, nó go raibh rúndiamhra uile na Cruinne ar eolas aige. Leis
an aimsir agus an domhan á bhláthú, thriall fir ar thóir an Bhradáin
– iad ag iarraidh é a sháinniú ina n-eangacha le go slogfaidís a chuid eolais
rúndiamhraigh. Ach bhí a fhios ag an mBradán cé leis an eangach dár
gealladh é, agus d’fhan sé thíos faoi.
"...Cúpla míle bliain ó shin,
thriall file darbh ainm Finnécas ar an tobar agus é ag ceapadh gurbh
eisean an chéad duine a chuirfeadh duán trí liopa an Bhradáin –
tairngríodh go mba fhear darbh ainm ‘Finn’ an té a dhéanfadh é.
D’fhan sé ina shuí cois tobair ar feadh seacht mbliana, ag caitheamh
a chuid eangacha agus ag cur baoite ar a chuid doruithe, ag fanacht
ar an lá a bhfaigheadh sé an ceann is fearr ar a sheilg agus a
bhainfeadh sé luach a shaothair amach. Ach bhí an Bradán
uilefhiosach (rud ar a thugann na scéalta neamhaird) agus d’fhan sé
le cóir.
Ansin, lá amháin, tháinig ógánach darbh ainm Demne chomh
fada le Finnécas agus é ag plámás leis, á rá nach bhféadfadh duine
ar bith eile é a shárú i dteagasc cheird na filíochta agus ag impí
air é a ghlacadh mar phrintíseach. Thoiligh Finnécas agus bhí Demne
mar dhalta aige. Laistigh de chúpla lá bhí an Bradán ar duán acu.
Thug an file an Bradán do Dhemne len é a chócaireacht, ach chuir sé
fainic air gan oiread is greim amháin a bhaint as. Ba mar sin a
fágadh an Bradán agus an t-ógánach ina n-aonar le chéile. Chuir
Demne an t-iasc leis an tine, ach i bpreabadh na súl tháinig
balscóidí leis an gcraiceann. Rinne sé iarracht an smál a bhrú síos
lena ordóg le súil is nach millfí béile a mháistir, ach phléasc an
bhalscóid agus dódh méar Dhemne. Ar an toirt, sháigh an t-ógánach a
ordóg ina bhéal chun an phian a mhaolú.
Nuair a d’fhill Finnécas
agus nuair a chuir Demne an t-iasc os a chomhair, thug an file faoi
deara go raibh solas aisteach ag lonrú i súile an ógánaigh, solas
nach bhfaca sé roimh imeacht dó, agus bhí a fhios aige láithreach
gur don ógánach seachas dó féin a bhí an tairngreacht ceaptha. An
rud nach raibh ar eolas ag an bhfile ná go raibh ainm eile ag Demne,
ainm a thug a mháthair dó: Fionn, a leanbh fionnghruaigeach...."
Is faide an scéal ná sin ach
ní bhaineann sé leis an saothar seo. An rud a léirítear anseo ná an
nóiméad díreach a rug Finnécas ar an mBradán. Is uaidh a
shruthaíonn tuiscint iomlán ar an gcruinne, agus is é sin an fáth
gur óna shúil a eascraíonn nach mór chuile líne sa bhfuinneog. Tá
dathanna na gcoll le feiceáil sa bhfáinne solais timpeall a
chloigeann, á meabhrú dúinn gurbh ó na dearcáin a fuair sé a
shaíocht. Mar chuid den tsaíocht sin, áfach, tá an tuiscint ann go
bhfuil bás i ndan dó agus, mar sin, bíonn an domhan os cionn na
dtonnta trí thine. Rinneadh an Bradán a chócaireacht, tar éis an
tsaoil.
Táim ag
smaoineamh gur mhaith liom díriú isteach ar shaothair
mhiotaiseolaíochta dá leithéid seo, ach ní ar mhiotaiseolaíocht na
hÉireann amháin. Is léir go mbeinn ag cur srian ollmhór orm féin dá
ndíreoinn ar an traidisiún amháin sin, cuma cé chomh gar do mo chroí
is atá sé. Mheasc mé gnéithe ó chultúir éagsúla...is cinnte nach
bhfeicfí a leithéid de bhradán ag snámh in Éirinn. Tá roinnt gnéithe
Haida sníofa tríd an saothar chomh maith. Anuas air sin, thug mé
ómós don Leabhar Cheanannais leis an bhfáinne solais.
Justin McCubbin a d'aistrigh an suíomh seo go Gaeilge.